Lá amhain bhí Bríd agus a mná rialta amuigh ag siúl faoin tuath. Bhí said ag féachaint ar an talamh mar bhí suíomh uathu chun clochar a thógáil. Ní raibh, afách, aon airgead acu. Ansin, chuala said torann. D'fhéach said timpeall agus chonaic said daoine ag teacht. Fir a bhí ann agus iad gléasta go halainn ar chapaill breátha. Thuig Bríd gur daoine tabhachtacha a bhí iontu, duine amháin ach go háirithe. Stop said agus bheannaigh said do na mná go béasach. Dúirt an príomhfhear gur Rí Laigheann a bhí ann. Dúirt sé go raibh na mná rialta ar a thalamh agus go raibh fáilte rompu. D'inis Bríd a scéal dó, faoin a plean chun clochar a thógail ach go raibh sí gan talamh, gan airgead. D'éist an Rí ach ní raibh sé sásta cabhrú léi. Sa deireadh dúirt Bríd go mbeadh sí sásta leis an méid talún a chlúdódh a clóca agus é leagtha ar an talamh. Thosaigh an Rí ag gáire nuair a chuala sé an scéal seo. Ghéill sé agus dúirt sé go dtabharfadh sé an méid sin di. Bhain Bríd a clóca dí. Leag sí ar an talamh é. D'fhéach said go léir air. Ansin, baineadh geit astu! Thosaigh an clóca ag bogadh. Mhéadaigh sé agus mhéadaigh sé. Bhog said siar as an mbealach. Nuair a stop an clóca ag meadú bhí talamh ag Bríd chun clochar a thógail, spás do ghairdín chun a gcuid bia a chur ag fás agus talamh d'ainmhaithí ar fheirm. Bhí an Rí Laigheann sásta agus guí sé gach rath uirthí. B'shin mar a fuair Bríd a talamh.
Cill Dara
Fadó, fadó bhí an tír seo clúdaithe le crainn, an caothrann, an fhuinseog agus an dair. Bhí an dair an-coiteanta ar an talamh mhaith. Nuair a fuair Bríd a talamh thosaigh sí agus a mná rialta ag tabhairt faoi clochar a thógáil. Bhain said úsáid as an gcrann darach. Thóg said séipéal agus cilíní beaga do na mná rialta. Focal eile ar Séipéal ná Cill. Thóg Bríd Cill Dara, sin Cill tógtha ón dair. Thug an séipéal ainm don áit, ainm atá fós ann sa lá atá inniu ann. Cill Dara
Tá go leor áiteanna in Éirinn leis an bhfocal 'Cill' iontu. Tugann sé le fios dúinn go raibh séipéal ann fadó agus fós ann, bhféidir. Samplaí: Cill Áirne, Cill Chainnigh, Cill Mhichíl. An féidir leat áiteanna eile a aimsiú?
Cros Bhríde
Bhí Taoiseach ag fáil bháis fadó. Bhí an fear bocht an lag ina leaba agus thug Naomh Bríd cuairt air. Bhí sé sásta í a fheiceáil mar bhí comhluadar uaidh. Labhair sé agus chodail sé agus d'fhan Bríd leis. Chaith Bríd an t-am ag caint leis agus ag guí. Fear saibhir a bhí ann agus ag an am sin bhíodh luachair ar an urlár ag daoine saibhre. Thosaigh Bríd ag obair leis an luachair agus tar éis tamaill bhí Cros álainn deartha aici. Dhúsaigh an Taoiseach i ngan fhios do Bhríd. Thug sé faoi ndeara an Chros álainn a bhí déanta aici. Cheistigh sé Bríd faoi. Págánach a bhí sa Thaoiseach agus níor chreid sé go raibh aon rud ann tar éis dó bás a fháil. D'inis Bríd dó go mbeadh saol nua aige agus bhí an suim aige sa dea-scéal sin. D'inis sí scéalta dó faoi Íosa agus a shaol. Mhínigh sí dó faoin gCros a rinne sí as an luachair. Chreid an Taoiseach agus baistíodh é. Tamall ina dhiaidh sin fuair sé bás. Is nós é Cros Bhríde a dhéanamh as luachair agus é a chrochadh sa teach. Is nós é freisin cuairt a dhéanamh ar thobar Bríde. Tá toibreacha Bríde go forleathan timpeall na tíre.