Thíos, is féidir foirm iontrála a íoslódáil nó is féidir an fhoirm ar líne (Jotform) a líonadh isteach. Ní gá ach ceann amháin a líonadh. I gcás an fhoirm a íoslódáil, is féidir é seo a chur ar ais ar ríomhphost go dtí [email protected] nó é a fhágáil isteach go dtí an scoil nuair a osclaíonn sí arís ar an 08/01/24. Leis an fhoirm ar líne, ní gá ach é a chríochnú agus 'Submit Application' a bhrú
Below you will find a downloadable Application Form for the schoolyear 2024/25 as well as a link to an Online Application Form. You only need to complete one of these forms. If you choose to download the application form you can return it by email to [email protected], or you can drop it into the school office when it reopens on the 08/01/24. With the online application you just need to hit the 'Submit Application' button at the end of the form and the form will land in our inbox.
Your browser does not support viewing this document. Click here to download the document.
Ráiteas Misín / Mission Statement
Is bunscoil Caitliceach chomhoideachais í Gaelscoil Chluain Dolcáin atá tiománta do thimpeallacht dheacriatha chomhbhách shona shocair a chruthú dár ndaltaí, timpeallacht ina n-aithnítear riachtanais intleachta, spioradálta choirp, mhóralta agus chultúrtha na ndaltaí agus ina bhfreastalaítear ar na riachtanais sin.
Cé gur scoil éitis Chaitlicigh í Gaelscoil Chluain Dolcáin, tugtar aitheantas cóir inti do gach aon chreideamh eile.
Tá Gaelscoil Chluain Dolcáin tiománta d'fhorbairt phroifisiúnta agus pearsanta a cuid múinteoirí, bíodh sin i gcás aon mhúinteora aonair nó i gcás múinteoirí mar aonad, agus sin a dhéanamh le cabhair clár forbartha foirne.
Spreagfaidh Gaelscoil Chluain Dolcáin páirtíocht na dtuismitheoirí trí theagmhálacha scoile/baile agus trína mbaint le Cairde - Cumman na dTuismitheoirí.
Déanfaidh Gaelscoil Chluain Dolcáin iarracht a chur le féinmheas gach aon duine a bhaineann le pobal na scoile, ar an meas ar dhaoine eile agus ar shealúchas daoine eile a neartú sna daltaí agus meon na freagrachta a spreagadh iontu.
Tá Gaelscoil Chluain Dolcáin tiománta don chothromas inscne a chur chun cinn i measc na múinteoirí agus na daltaí.
Is í an Ghaeilge meán teagaisc, cumarsáide agus ghnóthaí Ghaelscoil Chluain Dolcáín agus tá an scoil diongbháilte i mbun úsáid na Gaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga i measc na ndaltaí agus i dtuismitheoirí ina saol lasmuigh de ghnóthaí na scoile.
Is é an mana atá ag Gaelscoil Chluain Dolcáin:
"Éireoidh linn le Cúnamh Dé"
Gaelscoil Chluain Dolcáin is a co-educational, Catholic, primary school which strives to provide a well-ordered, caring, happy and secure atmosphere where the intellectual, spiritual, physical, moral and cultural needs of the pupils are identified and addressed. While Gaelscoil Chluain Dolcáin is a school with a Catholic ethos, it also has due recognition for all other religions.
Gaelscoil Chluain Dolcáin will strive to promote, both individually and collectively, the professional and personal development of teachers through staff development programmes.
Gaelscoil Chluain Dolcáin will encourage the involvement of parents through home/school contacts and through their involvement in Cáirde - Parents Association.
Gaelscoil Chluain Dolcáin will endeavour to enhance the self-esteem of everyone in the school community, to imbue in the pupils respect for people and property and encourage in them the idea of being responsible.
Gaelscoil Chluain Dolcáin will promote gender equity among the teachers and pupils.