Tá cúrsaí ríomhaireachta an-láidir i nGaelscoil Chluain Dolcáin. Bhain an scoil an gradam 'Digital Schools' amach sa bhliain 2006 Bhíodh seomra speisialta againn do na ríomhairí agus ríomhairí boird a bhíodh ann. Anois tá an seomra sin ina leabharlann scoile agus na ríomhairí sin imithe. Cheannaigh an scoil 30 Netbook sa bhliain 2009 agus 31 iPad ag deireadh na scoilbliana seo caite. Chuireamar isteach go leor 'access points' timpeall na scoile freisin. Anois is féidir leis na páistí a gcuid oibre a dhéanamh 'wirelessly' aon áit sa scoil.
Na Seomraí Ranga
Tá Clár-bán Ilghníomhach agus Tuasteilgeóir i ngach seomra anois
Tá an clár bán ilghníomhach ceangailte le ríomhaire glúine an mhúinteora agus if féidir linn Apple TV a úsáid tríd an gcóras seo freisin.
Na Netbooks
Tá 30 Netbooks again. Déantar 'charging' orthu thar oíche ins an bosca so-ghlúiste seo.
Ipadanna na Scoile
Tá 30 iPad ag an scoil anois. Úsáidtear na hIpadanna seo sna ranganna gach lá. Is breá leis na páistí na hAppanna atá ar fail.