Ainm na Scoile:
Gaelscoil Chluain Dolcain |
Name of School:
Gaelscoil Chluain Dolcáin. |
Cúlra na Scoile
Is bunscoil lán ghaelach í Gaelscoil Chluain Dolcáin. Tá deich rang againn agus 323 daltaí ar an rolla. Bunscoil Chaitiliceach is ea Gaelscoil Chluain Dolcáin ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha i measc múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí. Táimid suite ar Bhóthar Nangair, Cluain Dolcáin sa suíomh céanna le Coláiste Chilliain, Meanscoil Lán Ghaelach. |
School Background
Gaelscoil Chluain Dolcáin is a Catholic primary school where Irish is the spoken language among teachers, students and parents. The school first opened in 1984. At present, there are 323 students attending the school from Junior Infants to Sixth Class. The school has three Learning Support teachers and one Resource teacher. |
Stair na Scoile
Cuireadh tús le Gaelscoil Chluain Dolcáin i 1984 le h-ochtar dalta ar an rolla. Faoi láthair, tá 284 dalta ag freastal ar an scoil, ó Naíonáin Shoisearacha go dtí Rang a Sé. Tá tríur Mhuinteoir tacaíocht foghlama agus Múinteor Acmhainne amháin sa scoil. |
School History
Gaelscoil Chluain Dolcáin was founded in 1984 with eight pupils on the roll. at present, we have 284 pupils attending school from junior Infants to Sixth Class.
We have three learning Support Teachers and one Resource Teacher. |
Íomhá na Scoile
Gaelscoil Chaitiliceach is ea Gaelscoil Chluain Dolcáin ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga cumarsáide i measc múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí na scoile. Creidimid gur áit shona, fáiltiúl í an scoil ina bhfuil múinteoirí, páistí agus tuismitheoirí ag tacú agus ag comhoibriú le chéile chun atmasféar dearfach a chothú. Aontaíonn foireann na scoile gurb iad na páistí croílár an oideachais. Déantar sár-iarracht i gcónaí, le cabhair ó thuismitheoirí, ard chaighdeán oideachais a chur i gcrích sa socil. Anseo i nGaelscoil Chluain Dolcáin creidimid go bhfuil comhoibriú, dea-bhéasaí agus dea-iompar riachtanach d’éifeacht na scoile agus do dhul chun chinn acadúil na bpáistí. |
Vision for the School
Gaelscoil Chluain Dolcáin is a Catholic school where Irish is the language of choice among teachers, children and parents. We believe our school to be a happy, welcoming place where teachers, children and parents support each other and work together to create a positive atmosphere. The staff of the school agree that the children are the centre of education. A conscious effort is made by teachers to work with parents to maintain a high standard of education in the school. In Gaelscoil Chluain Dolcáin we believe that co-operation and manners are essential for the effective running of the School and that it also benefits the children academically. |
Gaeilge agus Fáilte
Scoil lánGhaelach is ea Gaelscoil Chluain Dolcáin. Mar chomhluadar scoile táimid bródúil as an Ghaeilge agus as ár gcultúr agus sin an fáth go bhfuil oideachas tré mhéan na Gaeilg roghnaithe againn. Tá sé an-thábhachtach go ndéanfadh gach éinne iarracht Gaeilge a labhairt timpeall na scoile. Fiú muna mbíonn ach cúpla focal agat, déan iarracht iad a úsáid. Cothaíonn sé atmaisféar deas Gaelach sa scoil. |
The Irish language
Gaelscoil Chluain Dolcáin is an all-Irish School. As a school community we are proud of our Irish language and our culture and this is the reason that we have chosen to educate through the medium of Irish. It is very important that every person makes an effort to speak Irish throughout the school. If you only have a few words, make an effort to use them. This creates an nice Irish atmosphere in the school. |
Aidhmeanna agus Cuspóirí na Scoile:
1. Ard-chaighdéan san oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil le béim ar an gcultúr, ceol agus cursaí spóirt. 2. Go mbeidh na páistí sona agus ar suaimhneas ar scoil, go mbainfidh said taitneamh as an saol scoile 3. Go mbeidh ceangail agus caidreamh idir an scoil agus an baile. 4. Go mbeidh féin-mheas agus féin-mhuinín ag na páistí astu féin agus go mbeidh meas acu ar dhaoine eile. |
Aims and Objectives:
1. It is important that we educate through the medium of Irish and there is an emphasis put on our culture, music and sport. 2. That every child is happy and content and that they enjoy school life. 3. That there is a good relationship between the school and the home. 4. That each child has self-respect and self-confidence and they have respect for other people also. |
Rialacha na Scoile
Creideann foireann agus Bord Bainistíochta na scoile i gcothrom na féinne do gach duine. Aontaíonn siad go leanfadh gach duine na rialacha scoile seo a leanas, ionas go mbeidh gach páiste sona agus ar a suaimhneas ar scoil. Tugann na rialacha seo deis do gach páiste dul chun chinn a dhéanamh ó thaobh cúrsaí acadúla de. Cothaíonn na rialacha scoile seo dea-nósanna don saol atá amach roimh dhaltaí na scoile. · Go mbeidh an Ghaeilge á i gcónaí sa scoil agus sa chlós. · Go mbeidh gach duine béasach dá chéile i gcónaí. · Go mbeidh na páistí ar scoil in am gach maidin agus bailithe in am um thráthnóna. · Go mbeidh an t-éadach scoile á chaitheamh ag na páistí ar scoil gach lá. · Go mbeidh riachtanaisí scoile ag na páistí agus iad ag teacht ar scoil gach lá. · Go mbeidh na páistí ag deileáil leis na múinteoirí agus na daltaí eile ar bhonn séimh, béasach, dea-mhúinte agus go mbeidh scomhoibriú mar pholasaí scoile againn i gcónaí. · Go bhfuil sé de cheart ag gach páiste a bheith ar a sháimhín ar scoil gan bac bullaíochta air nó uirthi. |
Rules of the School
We believe that everyone is treated fairly by the staff and the Board of Management. We agree that everyone follows these rules in order that each child will be happy and contented in school. These rules give every child a chance to progress academically. The school rules create in each child good habits hat will benefit them in life outside the school also. · Irish is spoken all the time in school and in the yard. · Every pupil will be mannerly at all times. · Each pupil will be in time for school in the morning and collected on time each evening. · Every child wears their uniform every day · Every child has their school essentials coming to school every day. · Every child interacts with the teachers and other pupils in a calm, peaceful manner and that co-operation is a policy of the school at all times. · Every child is happy in school and there is no threat of bullying to him/her. |
Comhionnas Gnéis
Anseo i nGaelscoil Chluain Dolcáin creidimid i gcomhionnas na gnéise. Tugtar gach deis do bhuachaillí agus cailíní maraon. Déanaimid gach iarracht mar fhoireann gan idirdealú a dhéanamh idir bhuachaillí agus cailíní sa scoil. Déantar gach iarracht plé le gach páiste ina dhuine, is cuma gnéas, creideamh nó cúlra |
Equality of Sexes
In Gaelscoil Chluain Dolcáin we believe in equality of sexes. We give the same chances to both boys and girls. We make a conscious effort not to differentiate between girls and boys. Regardless of sex, religion or background, each child is dealt with in the same manner. |