Dóchas linn Naomh Pádraig aspal mór na hÉireann, Ainm oirearc gléigeal, solas mór an tsaoil é. D'fhill le soiscéal grá dúinn d'ainneoin blianta i ngéibheann. Grá mór Mhac na páirte, d'fhuascail cách ón daorbhruid.
Sléibhte, gleannta máighe, 's bailte mór na hÉireann, Ghlan sé iad go deo dúinn, míle glóir dár naomh dhil. Iarrmaid ort, a Phádraig, guí orainne Gaela, Dia linn lá 'gus oíche 's Pádraig Aspal Éireann.