An eol duit, a Mhuire, Cá rachair i mbliana Ag iarraidh foscaidh Dod leanbh Naofa, Tráth bhfuil gach doras Dúnta ina éadan Ag fuath is uabhar An chine daonna?
Deonaigh glacadh Le cuireadh uaimse Go hoileán mara San iarthar chianda: Beidh coinnle geala I ngach fuinneoig lasta Is tine mhóna Ar theallach adhanta.