In oileán beag i gcéin san iarthar Beidh coinnle ar lasadh anocht; I dtithe ceann tuí, i dtithe ceann slinne, Dhá cheann déag de choinnle geala ’bheith ar lasadh anocht
Mo chaoin-bheannacht siar leis na coinnle geala A bheidh ar lasadh anocht, Is céad bheannacht faoi dhó Le lámh amháin a lasfaidh coinnle anocht.