Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Nuacht
    • Foireann na Scoile
    • Bord Bainistíochta na Scoile
    • Polasaithe Scoile
  • Beartas Iontrála
  • Teagmháil
  • Tuismitheoirí/Caomhnóirí
  • Cairde na Gaelscoile
  • Imeachtaí Scoile
  • Áiseanna Scoile
  • Ocáidí Scoile
  • Brat Ómra
  • Cairde na Gaelscoile
  • New Page

Anois Teacht an Earraigh

Anois teacht an Earraigh 
Beidh an lá dúl chun síneadh,
Is tar eis na féil Bríde 
Ardóigh mé mo sheol.
Go Coillte Mach rachad 
Ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé síos 
I lár Chondae Mhaigh Eo.

I gClár Chlainne Mhuiris
A bheas mé an chéad oíche, 
Is i mballa taobh thíos de
A thosós mé ag ól
Go Coillte Mách rachad
Go ndéanfad cuairt mhíosa ann
I bhfogas dhá mhíle
Do Bhéal an Átha Mhóir.

Fágaim le huacht é
Go n-éiríonn mo chroí-se
Mar a eiríonn an ghaoth
Nó mar a scaipeann an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara
Nó an Ghealang taobh thíos de
Ar Sceathach an Mhíle
Nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Cill Aodháin an baile
a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann
Is meas de gach sort,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh
I gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom
Is bhéinn arís óg.

Bíonn cruithneacht is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcraobh ann,
Arán, plúr agus feoil,
Lucht déanta poitín
Gan licence a dhíol ann,
Móruisle na tire ann
Ag imirt is ag ól.

Tá cur agus treabhadh
Is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann
Nár labhair mé go foil,
Áitheanna is muilte
Ag obair gan scíth ann,
Deamhan caint ar phingin chíosa
Na dada dá shórt.

Antoine Ó Raiftearaí (1779-1835)

​Féilire
Calendar

Copyright © 2017
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Nuacht
    • Foireann na Scoile
    • Bord Bainistíochta na Scoile
    • Polasaithe Scoile
  • Beartas Iontrála
  • Teagmháil
  • Tuismitheoirí/Caomhnóirí
  • Cairde na Gaelscoile
  • Imeachtaí Scoile
  • Áiseanna Scoile
  • Ocáidí Scoile
  • Brat Ómra
  • Cairde na Gaelscoile
  • New Page