Gaelscoil Chluain Dolcáin
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Nuacht
    • Foireann na Scoile
    • Bord Bainistíochta na Scoile
    • Polasaithe Scoile
  • Beartas Iontrála
  • Teagmháil
  • Tuismitheoirí/Caomhnóirí
  • Cairde na Gaelscoile
  • Imeachtaí Scoile
  • Áiseanna Scoile
  • Ocáidí Scoile
  • Brat Ómra
  • Cairde na Gaelscoile
  • New Page

An tEarrach Thiar

Fear ag glanadh cré
De ghimseán spáide,
Sa gciúnas shéimh
I mbrothall lae.
Binn an fhuaim
San Earrach Thiar.

Fear ag caitheamh
Cliabh dá dhroim
Is an fheamainn dhearg
Ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bhán.
Niamhrach a radharc
San Earrach Thiar.

Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá
A gcótaí craptha,
Scáillí thíos fúthú,
Támh-radharc síothach
San Earrach Thiar.

Toll-bhuillí fanna
Ag maidí rámha,
Currach lán d'éisc
Ag teacht chun cladaigh
Ar ór-mhuir mhall
I ndeireadh lae
San Earrach Thiar
Máirtín Ó Direáin (1910-1988)

​Féilire
Calendar

Copyright © 2017
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Nuacht
    • Foireann na Scoile
    • Bord Bainistíochta na Scoile
    • Polasaithe Scoile
  • Beartas Iontrála
  • Teagmháil
  • Tuismitheoirí/Caomhnóirí
  • Cairde na Gaelscoile
  • Imeachtaí Scoile
  • Áiseanna Scoile
  • Ocáidí Scoile
  • Brat Ómra
  • Cairde na Gaelscoile
  • New Page